Imshaolta Daonna

Baineann an t-imshaol daonna le daoine a chónaíonn in imshaolta éagsúla, lena gcuid gníomhaíochtaí agus leis na gnéithe imshaoil atá cruthaithe acu. Féachaimid freisin ar idirspleáchas na ndaoine sa phobal áitiúil – forbraítear é seo ó na ranganna naíonán a fhéachann orthu siúd a chabhraíonn linn sa cheantar. Agus nádúr bíseach an churaclaim á leanúint, déantar tuilleadh forbartha ar an téama seo a bhaineann le hidirspleáchas idir rang a trí agus rang a sé. Trí staidéar a dhéanamh ar thír amháin atá san Eoraip agus ar thír amháin nach bhfuil san Eoraip, féachaimid ar an dóigh a mbraithimid, mar thíortha, ar a chéile agus ar an dóigh a saibhríonn cultúir éagsúla a chéile.