Na hAmharcealaíona

Cuireann gníomhaíochtaí amharcealaíon sa churaclam ar chumas an linbh ciall a bhaint as a d(h)omhan féin agus a d(h)omhan féin a chur in iúl ar bhealach atá inbhraite infheicthe. Cuireann an curaclam amharcealaíon béim ar an tábhacht a bhaineann le healaín a chruthú agus le freagairt don ealaín araon. Dírítear aird freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach agus le forbairt tuisceana ar choincheapa amhairc. Is iad na pointí tosaigh le haghaidh gníomhaíochtaí ealaíne ná breathnú, samhlaíocht agus eispéireas an linbh féin. Cleachtfaidh leanaí trí úsáid a bhaint as raon ábhair agus uirlisí spreagthacha a bhfuil dathanna éagsúla orthu agus a bhfuil uigeachtaí éagsúla acu, agus bainfidh siad úsáid as raon teicnící éagsúla ag an am céanna.  Réamhrá Churaclam na Bunscoile

 

 

 

Tá sé shnáithe i ngach leibhéal, agus tá siad eagraithe chun cothromaíocht a chinntiú idir ealaín a dhéanamh agus breathnú ar ealaín agus freagairt di. Seo a leanas na snáitheanna sin:

 

  • Líníocht                                  
  • Cré                        
  • Prionta           
  • Péint agus Dath                    
  • Tógáil            
  • Fabraic agus snáithín

 

Dearadh na “cártaí sracfhéachana” curaclaim seo chun forbhreathnú aon leathanaigh a thabhairt ar na cuspóirí ábhair i ngach snáithaonad do gach leibhéal ranga. Níl sé i gceist go nglacfaidh na cártaí sracfhéachana seo áit na gcáipéisí curaclaim, ach ceapadh iad chun léargas láithreach a thabhairt ar an dóigh a bhforbraítear coincheapa ar leith idir rang na naíonán agus rang a sé.   Cliceáil anseo chun amharc ar Chártaí Sracfhéachana Churaclam na nAmharcealaíon