Imshaolta Nádúrtha

Is iad gnéithe nádúrtha an Domhain – na sléibhte, na cnoic, na hísealchríocha agus tírghnéithe eile nach iad, na farraigí, na haigéin, na córais aimsire agus an aeráid – a thugann sain-nádúr d’áiteanna. Gné thábhachtach d’fheasacht leanaí ar a n-imshaol ag dul i méad is ea eolas a fháil ar na gnéithe seo, ar an dóigh a gcruthaítear iad agus ar an ngaol atá acu lena chéile. I dtús báire, déantar an tuiscint seo a fhorbairt trí shamplaí áitiúla. Ina dhiaidh sin, is féidir an t-eolas seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna níos fairsinge ar nós comhthéacsanna réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus domhanda. Déantar forbairt ar scileanna taifeadta agus faisnéise aimsire tríd an gcuraclam bíseach.  Tugann staidéar ar imshaolta nádúrtha buneolas do leanaí ar thimpeallacht níos leithne an Domhain sa ghrianchóras agus sa spás, réimse eolais atá fíorspéisiúil.


 

 

Cliceáil ar na naisc leis na hacmhainní seo a leanas a íoslódáil.

Investigating the seashore – alt ón iris InTouch

Gníomhaíochtaí molta le haghaidh Carraigeacha agus ithreacha: rang a trí agus rang a ceathair

Gníomhaíochtaí molta le haghaidh Carraigeacha agus ithreacha: rang a cúig agus rang a sé