Rang na Naíonán go Rang a Dó
- Gach snáithe agus snáithaonad den Churaclam Tíreolaíochta a chlúdach. Ní chaithfidh na múinteoirí na cuspóirí ábhair uile a chlúdach. Táthar ag súil leis, áfach, go gclúdófar cuid mhór acu.
- Tá an snáithe céanna san Eolaíocht agus sa Tíreolaíocht – Feasacht agus Cúram Imshaoil.
- Is ionann an t-ábhar freisin idir Ranganna na Naíonán agus Rang a Dó, agus ba cheart iad seo a chomhcheangal. Nascann an réimse seo go maith leis na Scoileanna Glasa.
- An snáithaonad: In Ag maireachtáil sa phobal áitiúil, laistigh den snáithe, ‘Imshaolta daonna’ breathnaítear ar ár gceantar faoi cheannteidil nó faoi fho-aonaid éagsúla. Féadfar staidéar a dhéanamh ar gach ceann de na fo-aonaid gach bliain nó iad a roinnt thar dhá bhliain, a luaithe a fhaigheann an leanbh cleachtadh orthu uile faoin am a bhogann sé/sí ar aghaidh ó Ranganna na Naíonán/Rang a hAon agus Rang a Dó.
Rang a Trí go Rang a Sé
- Gach snáithe agus snáithaonad den Churaclam Tíreolaíochta a chlúdach. Ní chaithfidh na múinteoirí na cuspóirí ábhair uile a chlúdach. Táthar ag súil leis, áfach, go gclúdófar cuid mhór acu.
- Idir Rang a Trí agus Rang a Sé, ní mór do gach rang tabhairt faoi na nithe seo a leanas:
- Staidéar Áitiúil (staidéar ar an gCeantar Áitiúil faoi na fo-aonaid den snáithaonad)
- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil)
- Staidéar ar cheantar codarsnach in Éirinn
- Staidéar ar Thír Eorpach amháin
- Staidéar ar Thír Neamh-Eorpach amháin
Ba chóir do mhúinteoirí sna ranganna seo suíomhanna a phleanáil agus a roghnú le chéile. Ní mór na roghanna seo a thaifeadadh mar chuid de do phlean don scoil uile. Moltar na Tíortha Eorpacha agus na Tíortha Neamh-Eorpacha a nascadh le roghanna a dhéantar i gcuraclam roghchláir na Staire, e.g. má tá tú ag déanamh staidéir ar na ‘Na hÉigiptigh’, ba cheart do na múinteoirí an Éigipt a roghnú mar an Tír Neamh-Eorpach.
Ceantar Codarsnach in Éirinn | Tír Eorpach | Tír Neamh-Eorpach | |
---|---|---|---|
Rang a Trí | Baile Átha Luain/Lár na Tíre | An Fhrainc | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rang a Ceathair | Boirinn | Sasana | An Éigipt |
Rang a Cúig | Inis Arcáin | An Ghréig | An tSín |
Rang a Sé | Béal Feirste | An Iodáil | An Astráil |
Is cosúil é an t-ábhar idir Rang a Trí agus Rang a Sé, murab ionann leis na ranganna sóisearacha. D’fhéadfaí comhcheangal bríoch a phleanáil. Nascann an réimse seo go maith leis na Scoileanna Glasa. Tá an snáithe céanna san Eolaíocht agus sa Tíreolaíocht – Feasacht agus Cúram Imshaoil.
Acmhainní
Pleanáil Scoile
|
Pleanáil don Seomra Ranga |