Pleanáil le haghaidh Comhtháthú
Má tá comhtháthú chun bheith éifeachtach agus nádúrtha agus má tá sé chun aistriú eolais agus scileanna a cheadú dáiríre, ní mór plean a bheith againn maidir lena bhfuil ar intinn againn a dhéanamh. Cosúil leis na múnlaí éagsúla Comhtháthaithe, tá cuid mhór dóigheanna ar féidir pleanáil a dhéanamh lena aghaidh agus beidh sé ag brath ar roinnt imthosca, lena n-áirítear:
- Na hábhair atá i gceist
- An t-am a leithdháiltear ar an aonad oibre
- Próifíl an ranga agus an leibhéil
- Na leanaí os do chomhair agus an méid ba mhaith leat go bhfoghlaimeoidís
Áirítear leis an rannán seo na hacmhainní do Phleanáil le haghaidh Comhtháthú