Obair allamuigh/Rianta

Obair allamuigh/Rianta

Is éard atá i gceist le hobair allamuigh ná bheith ag obair amuigh san imshaol. Is staidéar áitiúil é rian. D’fhéadfaí é a dhéanamh áit ar bith – taobh istigh nó taobh amuigh. Tá sé bunaithe ar ghníomhaíocht agus d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha d’aon ábhar curaclaim.  I dTíreolaíocht OSIE eagraítear rian nó siúlóid struchtúrtha chun breathnú ar ghnéithe éagsúla an imshaoil thógtha agus nádúrtha agus chun imscrúdú a dhéanamh orthu. Díríonn sé ar phointí áirithe suime ionas go mbeidh obair allamuigh tarraingteach agus tairbhiúil do dhaltaí agus do mhúinteoirí dá bharr.

Ar mhaithe leis an tsábháilteacht, caithfear dea-chleachtas a léiriú, rud a chuimsíonn pleanáil agus ullmhú agus foinsí féideartha dainséir a aithint (léigh OSIE: Tíreolaíocht – Treoirlínte do Mhúinteoirí lgh 78 agus 79)

 

 

 

 

Rian a thógáil

 

Sampla d’Obair Allamuigh Scoile

Acmhainní Riain

 

 

 


Rian a thógáil

 

Ullmhaigh

  • Roghnaigh 3 nó 4 stop. Bíonn ‘níos lú agus go minic’ níos táirgiúla.
  • Bíonn sé níos fearr má tá dearadh an riain ciorclach
  • D’fhéadfadh stop a bheith bainteach le hábhar sonrach nó comhtháite le hábhair
  • Tá teimpléid agus siombailí rianta  ar fáil agwww.trails.ie
  • Cuir amach an trealamh a bheidh ag teastáil ag gach stop

 

Déan

  • Rianleabhrán, cárta oibre ag gach stop nó cóipleabhar OSIE.
  • Smaoinigh ar na leibhéil éagsúla chumais sa rang nó sa ghrúpa le cinntiú go bhfuil an leibhéal léitheoireachta agus an t-ábhar oiriúnach d’aois agus do chumas.

 

Déan ina dhiaidh

  • Gníomhaíocht sa seomra ranga bunaithe ar thorthaí ... plé, tuairiscí i scríbhinn, obair thionscadail, obair ealaíne, úsáid ICT...

 

 

 

 

 

 

Imscrúdú a dhéanamh ar an timpeallacht áitiúil laistigh d’achar siúil ón scoil

 

Scoil Nano Nagle, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, Rang a Dó

 

Léiríonn an sampla seo d’obair allamuigh an cumas atá ag formhór na scoileanna imscrúdú a dhéanamh ar a dtimpeallacht áitiúil ar bhealach sábháilte. Is féidir cuid mhór obair allamuigh an-luachmhar a chur i gcrích timpeall na scoile agus a tailte. Mar chuid den ullmhúchán críochnúil, siúladh ar an mbealach roimh ré chun áiteanna a aithint le haghaidh gníomhaíochtaí agus imscrúduithe. Tugtar léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha isteach trí léarscáil ullmhaithe den cheantar a úsáid. Aithníonn na leanaí suíomhanna tábhachtacha ar an léarscáil agus cuirtear lena dteanga spásúil i gcomhthéacs fíorshaoil. Úsáideann grúpa leanaí amháin cairteacha aitheanta duillí chun na duillí a aithint chomh cruinn agus is féidir leo. I measc na mbealaí éifeachtacha is féidir le daltaí a gcuid torthaí sa timpeallacht a thaifeadadh, tá na bealaí seo a leanas:

 

 

  • Ceamara digiteach a úsáid
  • Físcheamara a úsáid
  • Líníochtaí breathnadóireachta
  • Scór a dhéanamh le linn obair shuirbhé
  • Bileoga oibre ullmhaithe a chomhlánú
  • Páipéar breise chun cuimilteáin a dhéanamh

 

 

Áirítear leis an obair leantach sa seomra ranga an fhaisnéis a bailíodh a thaifeadadh, a anailísiú agus a léirmhíniú agus na torthaí a chur i láthair trí raon meán a úsáid. Is féidir ICT, léarscáileanna, graif agus tógáil samhlacha a úsáid chun na sonraí a chur i láthair. Comhtháthaíonn sé seo go héifeachtach leis an snáithe Matamaitice a bhaineann le léiriú sonraí agus le léirmhíniú sonraí.

 

  • Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil / i gceantar codarsnach in Éirinn

 

‘Soláthróidh imscrúduithe áitiúla pointe tagartha tábhachtach don leanbh lenar féidir leis/léi áiteanna eile a chur i gcóimheas agus i gcodarsnacht.’ TM Lch 64’. In Imshaolta Daonna, forbraímid tuiscint ar áit agus ar spás trí na fo-aonaid seo a leanas a iniúchadh.

 

  • Daoine agus pobail: daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar

 

Gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine: idirchaidreamh idir daoine agus gnéithe nádúrtha an cheantair

 

  • Lonnaíocht: Éagsúlacht an imshaoil thógtha – tithíocht, scoileanna, monarchana, etc.

  • Daoine i mbun oibre: gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa cheantar – feirmeoireacht, turasóireacht, seirbhísí

  • Iompar agus cumarsáid: bóithre, seirbhísí, fuinneamh, cumarsáid

 

(An Curaclam Tíreolaíochta lch 54-56)

Idir Rang a Trí agus Rang a Sé, ní mór do gach rang tabhairt faoi na nithe seo a leanas:

 

Staidéar Áitiúil (staidéar ar an gCeantar Áitiúil faoi na fo-aonaid sa snáithaonad)

 

 Cé gur roghnaigh múinteoirí fo-aonaid do gach rang, tá nasc nádúrtha idir na fo-aonaid seo agus ní dhéanfar iad go hiomlán ar leithligh ó chéile.

 

 Staidéar ar cheantar codarsnach in Éirinn

 

Ba chóir do mhúinteoirí sna ranganna seo suíomhanna a phleanáil agus a roghnú le chéile. Ní mór na roghanna seo a thaifead mar chuid de do phlean don scoil uile.

 


Áirítear le híoslódálacha sa rannán seo:

 

Rianta Troscán Sráide

 

Rianta OSIE Samplacha