Tithe

Imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a úsáidtear chun tithe a thógáil

Daoine a chabhraíonn linn inár bpobal

 

Scoil Nano Nagle, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, Rang a Dó

 

Oireann an snáithaonad seo maidir le hobair ar thithe d’imscrúdú éifeachtach ar na hábhair a úsáidtear chun teach a thógáil, agus d’ábhair agus a n-úsáidí a aithint. Déanann an múinteoir imscrúdú ar na céimeanna a ghabhann le teach a thógáil agus na daoine a oibríonn ag gach céim den tógáil. Úsáidtear plean tí chun Mapaí, cruinneoga agus scileanna grafacha a thabhairt isteach. Níos déanaí, úsáidtear grianghraif chun an seicheamh a bhaineann le teach a thógáil a atógáil. Is iad réiteach fadhbanna agus foghlaim ghníomhach na heochairmhodheolaíochtaí a úsáideann an múinteoir. Eiseamláirítear freisin teagasc stáisiún mar mhodh chun an seomra ranga a eagrú. Úsáideann na leanaí bréagáin shimplí tógála chun mionsamhlacha tithe agus foirgneamh a dhéanamh agus cothaítear forbairt na teanga spásúla trí cheistiú agus plé.

Comhtháthaíonn an t-aonad seo le snáithe ‘Ábhair’ agus le snáithaonad ‘Airíonna agus tréithe ábhar’ na hEolaíochta OSIE.

 


 

Úsáid grianghraf

Nuair nach féidir cuairt a thabhairt ar imshaol faoi leith, féadtar an-úsáid a bhaint as grianghraif agus pacaí grianghraf chun cur ar chumas na leanaí foghlaim faoi áit eile ag úsáid ar a laghad cuid de na modhanna imscrúdaithe a d’fhéadfadh leanaí a fhorbairt sa cheantar áitiúil. Sna pacaí maithe beidh raon leathan ábhar a chuimsíonn gnéithe daonna, nádúrtha agus imshaoil.  San fhís seo, tar éis do leanaí léirthuiscint a fháil ar thithe áitiúla tá na leanaí ag féachaint ar thithe domhanda. Pléann siad tionchar na haeráide agus na n-ábhar atá ar fáil ar na cineálacha tithe i dtíortha éagsúla.

 

D’fhéadfaí a áireamh le gníomhaíochtaí eile le grianghraif an leanaí bheith ag obair i ngrúpaí de 3/4, agus ceithre nó cúig ghrianghraf as sraith amháin a bheith ag gach grúpa, i.e. gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine. Cumann gach leanbh ansin ceist amháin faoi gach grianghraf de réir mar a chuirtear timpeall i gciorcal iad. Féadfar gach ceist a thaifeadadh ar nótaí Post-it nó ar leathanach ceangailte d’íochtar an ghrianghraif. Nuair a chumtar na ceisteanna, féadfar gach sraith a bhogadh chuig grúpa difriúil chun freagraí a mholadh. Ansin, féadfaidh na grúpaí formáid de stíl mhíreanna mearaí a úsáid chun a dtorthaí a chur in iúl don rang.

 

 

Leis na grianghraif den áit chodarsnach, scrúdaigh na cosúlachtaí agus na difríochtaí  idir  an  ceantar  seo  agus  ár  gcomharsanacht  féin  faoi  na  fo-cheannteidil éagsúla arna leagan amach faoin aonad snáithe Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn i gceantar codarsnach  in  Éirinn.  Féadfaidh  leanaí a  gceantar  áitiúil  féin  a  fhiosrú  faoin  gceannteideal  céanna agus an dá áit a chur i gcomparáid agus a chur i gcodarsnacht