‘Soláthróidh imscrúduithe áitiúla pointe tagartha tábhachtach don leanbh lenar féidir leis/léi áiteanna eile a chur i gcóimheas agus i gcodarsnacht.’ TM Lch 64
In ‘Imshaolta Daonna’, forbraímid tuiscint ar áit agus ar spás trí na fo-aonaid seo a leanas a iniúchadh
- Daoine agus pobail: daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar
- Gnéithe an imshaoil nádúrtha agus daoine: idirchaidreamh idir daoine agus gnéithe nádúrtha an cheantair
- Lonnaíocht: Éagsúlacht an imshaoil thógtha – tithíocht, scoileanna, monarchana, etc.
- Daoine i mbun oibre: gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa cheantar – feirmeoireacht, turasóireacht, seirbhísí
- Iompar agus cumarsáid: bóithre, seirbhísí, fuinneamh, cumarsáid (Curaclam Tíreolaíochta, lgh 54-56)
Idir Rang a Trí agus Rang a Sé, ní mór do gach rang tabhairt faoi na nithe seo a leanas:
- Staidéar Áitiúil (staidéar ar an gCeantar Áitiúil faoi fho-aonaid an tsnáithaonaid) Cé gur roghnaigh múinteoirí fo-aonaid do gach rang, tá nasc nádúrtha idir na fo-aonaid seo agus ní dhéanfar iad go hiomlán ar leithligh ó chéile.
- Staidéar ar cheantar codarsnach in Éirinn Ba chóir do mhúinteoirí sna ranganna seo suíomhanna a phleanáil agus a roghnú le chéile. Ní mór na roghanna seo a thaifeadadh mar chuid de do phlean don scoil uile.
Áirítear leis an rannán seo
Iniúchadh samplach chun áiteanna áitiúla agus áiteanna codarsnacha a fhiosrú. Cabhróidh an t-iniúchadh seo leat saintréithe do cheantair féin a aithint. Tabharfaidh an eangach seo treoir duit freisin maidir le saintréithe ceantar codarsnach, idir cheantair áitiúla agus cheantair níos faide anonn, a aithint. Is féidir an eangach seo a oiriúnú do do shuíomh féin.
- Iniúchadh le himscrúdú a dhéanamh ar cheantar áitiúil agus ar cheantar codarsnach in Éirinn
- Iniúchadh le himscrúdú a dhéanamh ar cheantar áitiúil agus ar cheantar codarsnach in Éirinn 2
- Gníomhaíochtaí molta maidir leis an gceantar codarsnach in Éirinn
- Láithreacha molta
- Tíreolaíocht – Ceantar Codarsnach in Éirinn