Modheolaíochtaí Foghlama Gníomhaí

Page Content Category: 

Modheolaíochtaí Foghlama Gníomhaí

 

Is í an fhoghlaim ghníomhach an príomhchur chuige foghlama agus teagaisc a mholtar don OSPS. Éilíonn sé go mbeadh leanaí rannpháirteach go gníomhach ina bhfoghlaim ar réimse leathan bealaí, a ardóidh an fhéidearthacht go n-inmheánóidh siad a bhfuil fiosraithe acu agus go n-úsáidfidh siad an fhoghlaim sin ina saol laethúil. Cuireann foghlaim ghníomhach go suntasach le féinmhuinín, féinsmacht agus féinrialú a chothú san fhoghlaimeoir.

 

In OSPS, tá béim ar leith ar leanaí ag oibriú le chéile. D’fhéadfaí go leor cineálacha idirghníomhaíochta grúpa a áireamh anseo, cosúil le hobair chomhoibríoch i ngrúpaí móra nó beaga, gníomhaíochtaí spraoi struchtúrtha sna ranganna naíonán nó gníomhaíochtaí foghlama comhoibríocha i mbeirteanna nó i dtriúir. Tarlaíonn an obair ghrúpa is éifeachtúla i ngrúpaí de bheirt nó de thriúr, go háirithe i luathbhlianta na scoile. De réir mar a fhaigheann na leanaí taithí ar chleachtais ghrúpa, beidh siad in ann oibriú go héifeachtúil i ngrúpaí níos mó.

Ní tharlaíonn torthaí foghlama dearfacha go huathoibríoch mar gheall go bhfuil leanaí ag suí i ngar dá chéile: i gcomhair foghlaim ghrúpa éifeachtach caithfear réimse leathan scileanna foghlama agus sóisialta a fhorbairt agus teastaíonn córas bainistíochta seomra ranga inniúil. Beidh próisis ghrúpa sa rang níos éifeachtaí nuair a thugtar isteach iad nuair atá an leanbh óg agus de réir a chéile, sanntar ról do gach ball den ghrúpa agus déantar athbhreithniú ar an bpróiseas go rialta.

 

 

Moltar na straitéisí foghlama gníomhaí seo a leanas don OSPS