Acmhainní tacaíochta maidir le pleanáil don Chorpoideachas (Cliceáil ar an íomhá chun rochtain a fháil ar an acmhainn nó lena híoslódáil) |
||
Curaclam Corpoideachais na Bunscoile | Curaclam Corpoideachais, Treoirlínte do Mhúinteoirí | Litearthacht Fhisiciúil, Treoir do Mhúinteoirí |
Liosta Acmhainní do Chorpoideachas na Bunscoile | Cáipéis Athbhreithnithe Corpoideachais – Féinmheastóireacht Scoile | Cártaí Sracfhéachana Curaclaim Chorpoideachais |
Treoirlínte CNCM do mhúinteoirí chun leanaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta a mhúineadh |
||
Beidh feidhmiú rathúil an churaclaim corpoideachais ag brath ar éifeacht na pleanála a dhéanfaidh an scoil agus na múinteoirí. Ní mór machnamh a dhéanamh ar dhá ghné den phróiseas pleanála:
- Pleanáil an churaclaim
- Pleanáil eagraíochta
Pleanáil an churaclaim
Ionas go gcuirfí clár leathan cothrom corpoideachais ar fáil, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas:
- Freastal ar riachtanais na scoile
Má tá traidisiún láidir sa scoil maidir le gníomhaíocht áirithe, ba cheart don scoil a chinntiú go gcuirtear béim chuí ar ghnéithe eile den chlár corpoideachais, agus féachaint chuige ar an gcaoi seo go bhfaigheann na leanaí taithí ar chlár cothrom gníomhaíochtaí.
- Snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú más féidir.
Sa chás go mbíonn deacracht ag scoileanna snáithe iomlán a chur i bhfeidhm de bharr easpa áiseanna nó acmhainní, tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhféadfaí snáithaonad nó fiú cuid de shnáithaonad a chur i bhfeidhm.
- Soláthar le haghaidh dul chun cinn agus leanúnachais.
Bíonn gach leibhéal sa chorpoideachas ag brath ar chur i bhfeidhm an leibhéil roimhe sin. Déantar leanúnachas a chinntiú nuair a bhíonn ceachtanna a mhúintear go tráthúil ina ndlúthchuid den phlean don scoil uile, agus nuair a bhíonn gníomhaíochtaí leagtha amach do gach rang agus curtha i bhfeidhm ag na múinteoirí de réir an phlean scoile.
- Roghnú áirithe laistigh de na snáitheanna a mholadh.
Más féidir snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú i gclár na scoile, seans go mbeidh sé riachtanach roghnú áirithe a dhéanamh laistigh de na snáitheanna. Mar shampla, i snáithe na Gleacaíochta d’fhéadfaí na cuspóirí atá leagtha amach a ghnóthú in aonad oibre réasúnta gearr trí théamaí a roghnú go cúramach.
An méid ama ba cheart a chaitheamh leis an gcorpoideachas
- Caithfear machnamh a dhéanamh ar dháileadh ama do na snáitheanna difriúla den chlár corpoideachais agus teacht ar chomhaontú faoi.
- Mar aon le clár ama le haghaidh úsáid na n-áiseanna gach seachtain, cabhraíonn sé cuimhneamh ar an méid ama a chaitear le hábhar thar thréimhse ama, e.g. mí, agus d’fhéadfadh snáitheanna den churaclam a bheith ‘blocáilte’, e.g. oiliúint uisce.
- Gné de phleanáil cláir ranga is ea machnamh a dhéanamh ar an méid ama atá le caitheamh le gach snáithe agus ar iomláine an chúraim a dhéanfar de. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gá sciar cothrom d'am curaclaim a chaitheamh le gach snáithe, mar gur féidir na cuspóirí a leagadh amach do gach rang a ghnóthú san am atá curtha ar fáil do ghníomhaíocht áirithe. Moltar an bhliain a roinnt ina bloic ina mbeidh idir ceithre agus sé seachtaine. D’fhéadfaí snáithe nó cuid de shnáithe a thabhairt chun críche san achar ama seo.
Tugtar breac-chuntas ar phlean oibre samplach le haghaidh ranganna na naíonán agus le haghaidh Rang a hAon go Rang a Sé ar leathanach 35 den treoir, Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí. Tá teimpléad bán faoi cheangal thíos leis.
- D’fhéadfadh sé go dtarlódh roinnt de na tosca thíosluaite nuair a bhítear ag socrú cén tráth den bhliain ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar siúl, i.e. cathain a mhúinfear gach snáithe:
- más amhlaidh go mbíonn srian ar áis laistigh nó lasmuigh ag am áirithe, b’fhéidir go mbeadh sé áisiúil dhá shnáithe a bheith ar siúl ag an am céanna, ceann amháin a bheadh oiriúnach le múineadh laistigh agus ceann eile a bheadh oiriúnach le múineadh lasmuigh.
- an tráth den bhliain inar féidir teacht ar áis oiliúint uisce
- a thábhachtaí atá sé an rannpháirtíocht is mó i ngníomhaíocht fhuinniúil a spreagadh nuair a bhíonn an aimsir fuar nó nuair a chuirtear rang ar siúl go luath ar maidin
Pleanáil eagraíochta
An plean scoile don chorpoideachas a fhorbairt
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas i gceist leis an bpleanáil don chorpoideachas:
- Comhthuiscint ar an gcorpoideachas a chruthú
- É a bheith mar aidhm leas iomlán a bhaint as spéiseanna agus as saineolas na foirne teagaisc
- Fíorchúnamh a thabhairt don mhúinteoir
- Scrúdú a dhéanamh ar na háiseanna agus ar na hacmhainní atá ar fáil sa scoil
- Cuidiú le forbairt an phlean scoile iomláin a athbhreithneoidh an bord bainistíochta
- Cinneadh ar an mbealach a dtugann an scoil an clár nua isteach diaidh ar ndiaidh
- Athbhreithniú agus meastóireacht a chur san áireamh
- Cumarsáid idir na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta a chur san áireamh
- Róil an phríomhoide agus an mhúinteora i bpleanáil agus i bhfeidhmiú an chláir a shocrú
Tá cáipéis bheag a chuideoidh le scoileanna a bplean scoile i dtaobh corpoideachais a chur le chéile ar fáil thíos
Tacaíocht don chlár corpoideachais a eagrú agus a riar
Ba cheart go ndéanfadh scoileanna breithniú ar an tacaíocht a leanas le linn dóibh pleanáil a dhéanamh i gcomhair corpoideachais:
- Tacaíocht na dtuismitheoirí: Ba chóir tacaíocht na dtuismitheoirí don chlár a lorg ionas go mbainfidh na leanaí an leas is mó as an gcorpoideachas agus is féidir. D’fhéadfaí tuismitheoirí a bhfuil taithí speisialta acu ar an gcorpoideachas a spreagadh chun cabhair a thabhairt nuair a thagann deiseanna faoi leith aníos.
- Tacaíocht oiliúnóirí: B'fhéidir go soláthródh eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla spóirt oiliúint ar spóirt faoi leith go deonach mar chuid den chlár corpoideachais. Féadfaidh an pearsanra a roghnófar tacaíocht a thabhairt don mhúinteoir chun clár a chur i bhfeidhm a rachaidh chun sochair don leanbh agus don rang. Is gá múinteoir ranga a bheith i láthair nuair a bhíonn an t-oiliúnóir ag obair leis an rang. Ba cheart go ndéanfadh an scoil machnamh ar an gcáipéis, Code of Ethics & Good Practice for Children's Sport, ina dtugtar treoir do dhaoine a bhfuil baint acu le spórt
- Le linn a bheith ag pleanáil don chorpoideachais, ba cheart freastal ar riachtanais na múinteoirí le hoideachas forbartha inghairme.
- Ba cheart an fháil atá ar áiseanna oiriúnacha faoin spéir agus faoi dhíon agus an fearas, idir mhór agus bheag, atá curtha ar fáil lena úsáid, a scrúdú. Ba cheart soláthar a dhéanamh le go bhféadfaí an fearas go léir a thaifeadadh, a stóráil agus a chur ar fáil go héasca. Braithfidh eagrú na hoiliúna uisce ar an teacht a bheidh ag an scoil ar áiseanna linne, ar sholáthar iompair, agus ar an bhfáil a bheidh ar mhúinteoirí snámha a bhfuil cáilíochtaí cuí acu. Ba cheart go ndéanfaí tréaniarracht bloc gairid ama a sholáthar do gach rang am éigin i rith na bunscolaíochta.
- Ba cheart do mhúinteoirí na hábhair atá ar fáil chun tacú leis an gclár a athbhreithniú le linn dóibh bheith i mbun pleanála. Is iomaí acmhainn ar fáil do mhúinteoirí chun tacú leo clár cuimsitheach corpoideachais a chur i bhfeidhm. Soláthraíonn mórán comhlachtaí rialaithe náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar spóirt éagsúla cláir thraenála do mhúinteoirí, chomh maith le hábhair thacaíochta.
- Ba cheart do scoileanna machnamh a dhéanamh ar chaidreamh a chothú le clubanna spóirt áitiúla agus le gasraí damhsa áitiúla, más féidir, d'fhonn go mbeidh na leanaí in ann a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí a sholáthraíonn na clubanna nó na gasraí.
An corpoideachas i scoileanna beaga nó i scoileanna a bhfuil ganntanas áiseanna iontu
I gcás go mbíonn fadhbanna ar leith ag scoileanna maidir le heaspa spáis laistigh agus lasmuigh, d’fhéadfaidís na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Seomraí ranga, conairí agus tailte na scoile a úsáid le haghaidh na treodóireachta
- Clós na scoile a mharcáil le haghaidh gníomhaíochtaí lúthchleasaíochta agus cluichí foirne beaga
- Áiseanna áitiúla a úsáid, e.g. ionaid phobail, hallaí paróiste, clubanna óige, etc.
- Comhoibriú le bunscoileanna nó le scoileanna dara leibhéal eile d'fhonn áiseanna a roinnt
- Tuilleadh ama a chur ar fáil don chorpoideachas nuair a bhíonn an aimsir go breá
- Cuairt a thabhairt ar ionad oideachais allamuigh ina gcuirtear áiseanna ar fáil faoi choinne go leor gníomhaíochtaí fiúntacha
- Caidreamh a bhunú le cumainn spóirt nó damhsa a chuireann pearsanra tacaíochta agus fearas ar fáil
Pleanáil sa seomra ranga don chorpoideachas
Rudaí le cur san áireamh i gclár an ranga:
- Eispéireas an ranga
- An treoir a thugtar sa phlean scoile
- Úsáid as raon modhanna teagaisc agus saghsanna éagsúla cur chuige – sonraítear moltaí mar gheall ar raon éagsúlachtaí cur chuige atá an-oiriúnach do theagasc an chorpoideachais ar leathanaigh 42-101 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí
- An méid ama a chaitear le gach snáithe agus iomláine an chúraim a dhéantar de
- An tráth den bhliain ina gcuirfí gníomhaíochtaí ar siúl
- Cód cleachtais a cheapadh faoi choinne ceachtanna corpoideachais
- Infhaighteacht acmhainní agus tacaíochta
- Comhtháthú snáitheanna le hábhair eile
- Rannpháirtíocht na scoláirí in eagrú gníomhaíocht choirp
- Freastal ar chineálacha cumais difriúla
- An chaoi a bhféadfaí dul chun cinn na scoláirí a mheas
Faightear comhairle faoin méid seo thuas ar leathanaigh 34-39 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí.
Cur Chuige agus Modhanna Teagaisc
Ar na cuir chuige teagaisc is oiriúnaí chun an corpoideachas a mhúineadh tá siad seo a leanas:
- Cur chuige an teagaisc dhírigh
- Cur chuige na fionnachtana faoi threoir
- Cineálacha cur chuige comhtháite
Tugtar breac-chuntas ar leathanaigh 40-97 den treoir, Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí, ar fhaisnéis agus ar shamplaí de chuir chuige agus de mhodheolaíochtaí sna snáithaonaid éagsúla a ghabhann leis an gcorpoideachas.
Attachment | Size |
---|---|
![]() | 145.25 KB |
![]() | 49.5 KB |
![]() | 230.5 KB |
![]() | 1.31 MB |
![]() | 2.92 MB |
![]() | 319.76 KB |