Cluichí comhoibríocha

Page Content Category: 

Cluichí comhoibríocha: Is modh luachmhar iad cluichí a chuidíonn le leanaí oibriú le chéile ar bhealach comhbhách agus comhoibríoch. Tig leo leibhéal coinsiasachta comhoibríche a ardú agus cabhrú le leanaí an méid ar féidir leo a fhoghlaim ó leanaí eile a thuiscint. Áirítear na leanaí ar fad i gcluichí agus tugann siad deis do leanaí réimse scileanna a chleachtadh, a bheith ina mball d’fhoireann, a bhféinmheas a ardú agus bheith ina mball éifeachtach de ghrúpa. Tarlaíonn cuid den obair is luachmhaire le linn an phlé a tharlaíonn tar éis na gcluichí comhoibríocha seo agus teastaíonn am chun an ghné thábhachtach seo den ghníomhaíocht a dhéanamh. Tugtar deis sna cluichí spraoi a bheith acu agus iad ag foghlaim agus atmaisféar níos suaimhní a chruthú sa rang. Áirítear leo idir chluichí óna dteastaíonn spás gluaiseachta agus chluichí boird níos ciúine agus ghníomhaíochtaí boird is féidir a úsáid sa seomra ranga.

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh OSPS, a leagtar amach i dtreoirlínte do mhúinteoirí maidir le OSPS ar lgh 54-99 do mhúinteoirí chun tacú leo agus modheolaíochtaí foghlama gníomhaí i gceachtanna OSPS á gcur i bhfeidhm

Taispeánann na heiseamláirí seo a leanas an dóigh ar féidir gnéithe éagsúla d’ábhar OSPS a iniúchadh trí úsáid a bhaint as raon cluichí comhoibríocha

  • Cluichí comhoibríocha do Naíonáin: leathanach 66. Cluiche comhoibríoch samplach a nascann leis an snáithaonad ‘Caidreamh le daoine eile’
  • Cluichí comhoibríocha do rang a ceathair go rang sé: leathanach 67. Cluiche comhoibríoch samplach a nascann leis an snáithaonad ‘Caidreamh le daoine eile’

 

Gheobhaidh tú tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat cluichí comhoibríocha a chur i bhfeidhm

  • Co-operative games in the primary school: Alt ó irisleabhar ‘In Touch’ a leagann amach réimse cluichí comhoibríocha atá oiriúnach le húsáid i ranganna corpoideachais agus OSPS araon
  • Cluichí comhoibríocha: Bileog a leagann amach réimse cluichí comhoibríocha lena n-áirítear cluichí i gcomhthéacs obair chiorcail, dúshláin fhisiceacha agus chomhoibríocha agus gníomhaíochtaí paraisiúit, oiriúnach le húsáid le gach leibhéal ranga
  • Cluichí comhoibríocha oiriúnach d’am ciorcail: Bileog a leagann amach réimse cluichí, a bheadh oiriúnach le húsáid ag tús nó ag deireadh ceacht obair chiorcail, nó a d’fhéadfaí a úsáid sa seomra ranga