Pictiúir, grianghraif agus amharcíomhánna

Page Content Category: 

Pictiúir, grianghraif agus amharcíomhánna: Is féidir pictiúir, grianghraif agus amharcíomhánna a úsáid ar roinnt bealaí éagsúla i gcás OSPS. Caithfidh leanaí scileanna géarchúise agus anailíse criticiúla a fhorbairt chun dul i ngleic le cuid mhór den faisnéis agus den mhífhaisnéis a thagann salach ar a chéile, a fhaigheann siad ó fhoinsí éagsúla. Modh cumhachtach iad pictiúir agus grianghraif chun freagairt a spreagadh nó chun suim a mhúscailt i dtopaic nó in ábhar áirithe. Cuireann scrúdú ar amharcíomhánna an méid seo a leanas ar chumas na leanaí:

  • claontacht a iniúchadh
  • ábhar íomhá a cheistiú
  • tuairimí difriúla a iniúchadh
  • a dtaithí féin a chur i gcomparáid leis an réaltacht
  • dearcthaí agus tuiscint ar choincheapa áirithe a iniúchadh
  • buanchruthú agus na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir daoine a iniúchadh

Modh cabhrach iad pictiúir chun faisnéis íogair nó faisnéis chonspóideach a chur i láthair leanaí, mar shampla sna ranganna níos sinsearaí, d’fhéadfadh an múinteoir úsáid a bhaint as pictiúir chuí le cuidiú le leanaí tuiscint a fháil ar fhás an fhéatais sa bhroinn.

D’fhéadfaí na pictiúir nó na grianghraif a úsáidfí sa rang a fháil as iris, as nuachtán nó as paca pictiúr arna chur le chéile go gairmiúil. Le linn do leanaí amharcíomhánna a iniúchadh, éireoidh siad eolach ar chuid de na teicnící a úsáideann na meáin agus déanfar úsáideoirí criticiúla na meán díobh dá bharr

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh OSPS, a leagtar amach i dtreoirlínte do mhúinteoirí maidir le OSPS ar lgh 54-99 do mhúinteoirí chun tacú leo agus modheolaíochtaí foghlama gníomhaí i gceachtanna OSPS á gcur i bhfeidhm

Taispeántar sna heiseamláirí seo a leanas an dóigh ar féidir gnéithe éagsúla d’ábhar OSPS a iniúchadh trí úsáid a bhaint as raon pictiúr, grianghraf agus amharcíomhánna agus teicnící iniúchta, lena n-áirítear: grianghraf a léamh, úsáid a bhaint as pictiúr mar spreagadh díospóireachta, pictiúir a rangú, dearcthaí agus claontacht a iniúchadh, úsáid a bhaint as teidil, bolgáin chainte/smaoinimh a chruthú, rangú agus suí agus fógrán teilifíse a iniúchadh

  • Grianghraf a léamh: sonraithe ar leathanach 70 le haghaidh Rang a Ceathair go Rang a Sé; baintear úsáid as grianghraif chun cuidiú le leanaí foghlaim faoin dóigh a gcuirtear cineálacha éagsúla ceiste
  • Úsáid a bhaint as pictiúr mar spreagadh cainte: sonraithe ar leathanach 71 le haghaidh Rang a Trí go Rang a Sé; léirítear gur modh éifeachtach iad pictiúir agus grianghraif chun díospóireacht a spreagadh sa rang
  • Pictiúir a rangú: sonraithe ar leathanach 72 le haghaidh Rang a Cúig agus Rang a Sé; léirítear leagan amach ‘Muileata a Naoi’ – leagann na leanaí pictiúir amach de réir oird a gcomhaontaíonn an grúpa ar fad air
  • Claontacht a iniúchadh: sonraithe ar leathanach 73 le haghaidh Rang a Trí go Rang a Sé; léirítear go bhfaigheann leanaí tuiscint ar an gclaontacht de réir mar a éiríonn siad géarchúiseach agus criticiúil faoin bhfaisnéis a chuirtear i láthair i léaráidí éagsúla
  • Pictiúir mar thúsphointe: sonraithe ar leathanach 74 le haghaidh naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha; tugtar túsphointe do leanaí smaointeoireacht reatha an ranga a fháil amach
  • Teidil: sonraithe ar leathanach 75 le haghaidh Rang a Trí go Rang a Sé; léirítear an dóigh a bhféadfaidh iniúchadh teideal cabhrú le leanaí éirí níos géarchúisí faoin méid a chuirtear ina láthair i ngach sórt léaráide.
  • Bolgáin chainte/smaoinimh: sonraithe ar leathanach 76 le haghaidh gach ranga, a chuireann ar chumas leanaí a thábhachtaí atá iompraíocht neamhbhriathartha agus na bealaí éagsúla a mbaintear ciall as comharthaíocht choirp, a thuiscint.
  • Rangú agus suí: sonraithe ar leathanach 77 le haghaidh naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha; cur chuige
  • Fógrán teilifíse a iniúchadh: sonraithe ar leathanach 78 le haghaidh Rang a Trí go Rang a Sé, a chuireann ar chumas leanaí amharc ar gearrthóga teilifíse agus anailís a dhéanamh ar an gcomhthéacs agus ar na teicnící atá á n-úsáid

 

Gheobhaidh tú tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat agus grianghraif, pictiúir agus amharcíomhánna á n-úsáid agat