Gníomhaíochtaí scríofa

Page Content Category: 

Is iomaí deis atá ann le húsáid a bhaint as gníomhaíochtaí scríofa le saincheisteanna agus gnéithe ar leith de OSPS a iniúchadh. Tá suirbhéanna, seicliostaí, bileoga oibre agus ceistneoirí úsáideach chun smaointeoireacht leanaí a spreagadh, chun cabhrú leo léargais nua a ghnóthú agus chun topaicí a scrúdú go mionsonraithe. Is féidir le faisnéis a bhailíonn leanaí trí shuirbhéanna, trí cheistneoirí agus trí thionscadail spreagadh a thabhairt do leanaí iniúchadh agus taighde a dhéanamh ar thopaic go mionsonraithe, smaointe coitianta a cheistiú agus a gcuid tuairimí agus smaointe féin a fhorbairt. Is féidir le faisnéis a bhailítear a bheith mar bhonn le tuilleadh iniúchta nó taighde agus spreagadh a thabhairt do leanaí machnamh a dhéanamh ar shaincheist ar dhóigh fhíor agus bhríoch. Ní mór plé a dhéanamh ar aon ghníomhaíochtaí scríofa a dhéantar, iniúchadh a dhéanamh ar thorthaí agus cúiseanna le breithniúcháin ar leith a thabhairt.

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh OSPS, a leagtar amach i dtreoirlínte do mhúinteoirí maidir le OSPS ar lgh 54-99 do mhúinteoirí chun tacú leo agus modheolaíochtaí foghlama gníomhaí i gceachtanna OSPS á gcur i bhfeidhm

Taispeánann na heiseamláirí seo a leanas an dóigh ar féidir gnéithe éagsúla d’ábhar OSPS a iniúchadh trí úsáid a bhaint as raon gníomhaíochtaí scríofa:

  • Suirbhéanna: a leagtar amach ar lch 87 a aibhsíonn na húsáidí suirbhéanna ag gach leibhéal ranga chun faisnéis a bhailiú ar chuid mhór topaicí. Leagtar amach ar lch 88 plean ceachta samplach ar shuirbhéanna do rang a cúig agus do rang a sé.
  • Ceistneoirí: a leagtar amach ar lgh 89-90 do rang a cúig agus do rang a sé mar mhodh éifeachtach chun topaicí ar leith a iniúchadh
  • Liostaí agus seicliostaí: a leagtar amach ar lch 91 do rang a cúig agus do rang a sé a thugann treoir do leanaí ina n-iniúchadh agus a chabhraíonn leo a bheith níos grinne nó níos comhfhiosaí ar mhionsonraí
  • Tionscadail: a leagtar amach ar lch 92 a mhíníonn go bhfuil an bhéim ar leanaí a bheith ag fáil faisnéise agus ag bailiú faisnéise de chineálacha éagsúla agus tionscadal á dhéanamh le haoisghrúpa ar bith. Leagtar amach ar lch 93 ceacht samplach ar thionscadail do ranganna ó rang a haon go rang a sé. Leagtar amach ar lch 94 ceacht samplach breise do ranganna ó rang a trí go rang a sé
  • Bileoga oibre: a leagtar amach ar lch 95 agus atá cabhrach chun eolas a thabhairt do thuismitheoirí faoi shaincheisteanna a chlúdaítear ar scoil mar gur féidir leo féin an cineál ábhair atá á chlúdach ar scoil a fheiceáil agus tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar an topaic lena gcuid leanaí sa bhaile. Leagtar amach ceacht samplach do na naíonáin shóisearacha agus shinsearacha.

 

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh acmhainní a fháil a thacóidh leat agus gníomhaíochtaí scríofa á n-úsáid agat:

 

Gníomhaíocht ar chailleacha: Gníomhaíocht scríofa ar an topaic ar ‘chailleacha’ lena mbaineann obair ghrúpa agus úsáid a bhaint as teicníc na ‘míreanna mearaí’

Tóraíocht Taisce: Gníomhaíocht scríofa is féidir a úsáid mar ghníomhaíocht tosaigh nó ‘ullmhaithe’ ina mbailíonn leanaí ainmneacha a gcomhscoláirí a bhfuil na cineálacha céanna caitheamh aimsire/saintréithe acu leo

Cén duine sa rang ag a bhfuil... Gníomhaíocht scríofa cosúil le ‘Tóraíocht Taisce’ ina mbailíonn leanaí ainmneacha a gcomhscoláirí a bhfuil na cineálacha céanna caitheamh aimsire/saintréithe acu leo

Feargach: Cleachtadh scríofa ina gcumann leanaí dán bunaithe ar théama na ‘feirge’ tar éis liosta treoracha sonracha a fháil. Is féidir é seo a oiriúnú do mhothúchán ar bith

Gníomhaíocht Oileán Ciste: Gníomhaíocht scríofa is féidir a chomhlánú i ngrúpaí beaga ina gcaithfidh leanaí roghnú le pacáil le haghaidh saoire ar oileán fásaigh