Litearthacht

 

Tá na hacmhainní a úsáidtear chun tacú le Litearthacht le fáil sa rannán seo dár suíomh.  

 

 

 

 Tá cóip den cháipéis, Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga, 2011-2020 ar fáil lena híoslódáil anseo.

 
Go traidisiúnta nuair a smaoiníomar ar litearthacht smaoiníomar ar na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta; ach sa lá atá inniu ann leis an tuiscint atá againn ar an litearthacht tá i bhfad níos mó i gceist ná sin. Is é atá i gceist sa litearthacht ná an cumas le bheith in ann na cineálacha éagsúla den chumarsáid a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn dóibh, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc. 
 
Tá an sainmhíniú sin ar an Litearthacht le fáil  ar leathanach 8 den Straitéis. B’fhéidir go spreagfadh an dá ghearrthóg físe thíos, a thaispeántar ag na Seimineáir Ceannaireachta, plé ar a thábhachtaí atá an litearthacht agus an uimhearthacht agus ar na himpleachtaí a ghabhann leis seo don teagasc agus don fhoghlaim inár scoileanna.
 
Litearthacht don 21ú hAois
 

 

Tábhacht na huimhearthachta