Féilire Imeachtaí
Fáilte chuig leathanach na ndeiseanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí le haghaidh OSSP na Sraithe Sóisearaí. Beidh féilire ar líne nua ar fáil ar ball.
Cúrsaí Earraigh 2014
Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil
Chun clárú ar líne, cliceáil anseo
Teideal: Tionscadail Ghníomhaíochta agus Measúnú
Cuid a hAon: Tionscadail Ghníomhaíochta in OSSP
I gCuid 1, míneofar Tionscadail Ghníomhaíochta OSSP atá cuí óna dtús go dtí a gcur i gcrích. Beidh deiseanna ag rannpháirtithe smaointe le haghaidh Tionscadail Ghníomhaíochta a roinnt agus na tascanna agus na scileanna éagsúla a chomhdhéanann Tionscadail Ghníomhaíochta a n-éiríonn leo a phlé. Chomh maith leis sin, déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh ar an gCur Chuige 6 Chéim maidir le Tionscadail Ghníomhaíochta.
Cuid a Dó: An Tuarascáil ar an Tionscadal Gníomhaíochta (RAP) agus an Leabhar Measúnaithe ar Obair an Chúrsa (CWAB)
Díreofar go mion i gCuid 2 ar an RAP agus ar an CWAB. Iniúchfar cineálacha cuir chuige agus straitéisí le haghaidh daltaí a threorú tríd an bpróiseas um an tuarascáil a scríobh, lena n-áirítear Ceistiú Éifeachtach a úsáid agus Aiseolas a Chur ar Fáil do dhaltaí faoina gcuid oibre. Iniúchfaidh rannpháirtithe an RAP agus an CWAB leathanach ar leathanach.
24/02/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais Laoise |
06/03/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais Dhroim Conrach |
10/03/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais Chorcaí |
24/03/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais Chontae Loch Garman |
25/03/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais Shligigh |
26/03/14 | 7.00pm - 9.30pm | Ionad Oideachais na Gaillimhe |