ÁBHAIR NA SRAITHE SINSEARAÍ

ÁBHAIR NA SRAITHE SINSEARAÍ

 

NUACHT
 

Cuimsíonn an Leathanach seo faisnéis atá sonrach don ábhar faoi na nithe seo a leanas: nuashonruithe ar gach nód ábhair; nuachtlitreacha ábhair, dámhachtainí, etc.

 
 
 
ACMHAINNÍ CURACLAIM
 

Cuimsíonn an leathanach seo  Acmhainní Curaclaim agus naisc ar leith chuig acmhainní CPD atá sonrach don ábhar a chuireann SFGM  ar fáil le haghaidh na n-aonad éagsúil laistigh de gach ábhar na sraithe sinsearaí.

 
 
 
MEASÚNÚ AGUS MEASTÓIREACHT
 

Cuimsíonn an leathanach seo ábhair CPD atá sonrach don ábhar a bhaineann le meastóireacht agus le measúnú do gach ábhar sraithe sinsearaí atá liostaithe. Cuimsíonn an leathanach Meastóireacht agus Measúnú do gach ábhar an scarbhileog ábhartha anailíse ábhair do scrúduithe stáit arna dearadh ag SFGM, mar aon le hábhair ábhartha eile mheastóireachta agus mheasúnaithe atá sonrach don ábhar. 

 

FÉILIRE IMEACHTAÍ
 

Cuimsíonn an leathanach seo faisnéis faoi dheiseanna CPD atá sonrach don ábhar a chuireann SFGM ar fáil. Cuimsíonn sé freisin féilire insuite ina dtugtar sonraí faoi imeachtaí CPD atá le teacht. Is féidir an fhéilire sin a shioncrónú le d’fhéilire leictreonach féin. 

 
 
 
LITEARTHACHT
 

Tá leathanach Litearthachta ag gabháil le gach ábhar sraithe sinsearaí, áit a dtugtar samplaí sonracha agus ábhair thacaíochta ábhartha a bhaineann leis an Litearthacht a chomhtháthú i ngach ábhar sraithe sinsearaí. 
Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil rannán eile dar teideal Litearthacht ar shuíomh Idirlín SFGM.  Cuimsíonn an rannán sin de shuíomh Idirlín SFGM  ábhair, teimpléid agus  acmhainní Litearthachta is féidir a úsáid ar fud na n-ábhar uile.
 
UIMHEARTHACHT
 

Tá leathanach Uimhearthachta ag gabháil le gach ábhar sraithe sinsearaí, áit a dtugtar samplaí sonracha agus ábhair thacaíochta ábhartha a bhaineann leis an  Uimhearthacht  a chomhtháthú i ngach ábhar sraithe sinsearaí. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil rannán eile dar teideal  Uimhearthacht ar shuíomh Idirlín SFGM.  Cuimsíonn an rannán sin de shuíomh Idirlín SFGM ábhair, teimpléid agus acmhainní Uimhearthachta ar féidir iad a úsáid ar fud na n-ábhar uile.
 
EOCHAIRSCILEANNA
 

Cuimsíonn an leathanach seo acmhainní CPD d’ábhair shonracha a bhaineann le heochairscileanna don tsraith shinsearach

 

 

CÁIPÉISÍ OIFIGIÚLA 
 

D’fhonn a bheith comhsheasmhach le suíomh Idirlín SFGM agus rochtain éasca a chur ar fáil, cuimsíonn an leathanach seo Cáipéisí Oifigiúla atá sonrach don ábhar do gach ábhar sraithe sinsearaí. Is iad seo a leanas samplaí de na nithe atá le fáil: Treoirlínte Siollabais, Ciorcláin, Foirmeacha Iarratais, Liosta Trealaimh, Leagan Amach an tSeomra, Treoirlínte do Mhúinteoirí, páipéir/scéimeanna marcála ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, etc. 

 
ÁBHAIR BHEO
 

Cuimsíonn gach nód ábhar sraithe sinsearaí leathanach ilmheán trína gcuirtear ar chumas múinteoirí scaipeadh a dhéanamh ar fhís-sruthú iarbhír múinteora/scoláirí ina bpléitear leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim do gach ábhar sraithe sinsearaí atá liostaithe.

 
 
 
ICT AGUS FOGHLAIM
 

Ar an leathanach seo, tugtar ábhair CPD ina bpléitear an dóigh ar féidir ICT a chomhtháthú don teagasc agus don fhoghlaim i ngach ábhar sraithe sinsearaí atá liostaithe.  I rannán ar leith (ICT) de shuíomh Idirlín SFGM, tugtar ábhair CPD ina bpléitear an dóigh ar féidir uirlisí sonracha ICT, aipeanna, etc., a úsáid ar fud na n-ábhar uile. 

 

 

ACMHAINNÍ CEARDLAINNE SFGM
 

Tugtar   Acmhainní Ceardlainne SFGM  ar an láthair agus ar líne a úsáideadh cheana ar an leathanach seo atá á n-úsáid faoi láthair nó a úsáidfear amach anseo le haghaidh forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí.  

 

 

 

NAISC
 

Tugtar naisc ar an leathanach seo le suíomhanna Idirlín éagsúla atá sonrach don ábhar do gach ábhar sraithe sinsearaí atá liostaithe. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil smacht ag SFGM ar shuíomhanna Idirlín seachtracha. 

 

TABHAIR FAOI DEARA:

 

Cé go ndéanaimid gach iarracht a chinntiú go bhfuil na naisc cruinn agus ábhartha, ní ghlacann SFGM freagracht as leathanaigh atá á gcoinneáil ag soláthraithe seachtracha.  Cuirtear naisc ar fáil mar acmhainn do mhúinteoirí agus tá sé mar fhreagracht ar an úsáideoir teacht ar a thuairimí féin maidir le cruinneas, ábharthacht, iontaofacht agus beachtas na faisnéise atá ar shuíomhanna gréasáin a bhfuil nasc chucu.  Níor cheart a mheas gurb ionann naisc le suíomhanna Idirlín seachtracha  agus formhuiniú nó moladh a thugann SFGM  d’aon táirgí nó seirbhísí tríú páirtí a thairgtear de bhua aon fhaisnéise, ábhair nó inneachair atá nasctha ón suíomh Idirlín seo nó leis an suíomh Idirlín seo.