Ceannaireacht (Bunscoil)

Tá fáilte romhat chuig an suíomh Ceannaireachta den tSeirbhís um Fhorbairt Gairmiúil do Mhúinteoirí

 

Cuireann Ceannaireacht Scoile SFGM (bunscoil) deiseanna foghlama gairmiúla ar fáil do cheannairí scoile cleachtacha. Inár ról chun tacú le ceannairí scoile i mbunscoileanna na hÉireann, cuirimid na clár seo a leanas ar fáil:

 

Misneach
Clár ionduchtaithe do phríomhoidí nuacheaptha is ea Misneach a dearadh chun tacú le príomhoidí agus príomhoidí gníomhacha le go mbeidh siad in ann a scoil a stiúradh go héifeachtach sa chéad dá bhliain sa phost. Cumhachtaíonn sé príomhoidí le díriú ar an bpríomhról den fhoghlaim a stiúradh ina scoileanna faoi réimsí an Chreata Cáilíochta
Tánaiste
Cúrsa samhraidh is ea Tánaiste a dearadh le tacú le leas-phríomhoidí agus leas-phríomhoidí gníomhacha chun a scoileanna a threorú go héifeachtach. Scrúdaítear ann tosca a bhfuil tionchar acu ar chultúr foghlama na scoile ag tarraingt ar Ag Féachaint ar ár Scoileanna 2016 agus ar phróiseas FMS.
Forbairt
Is clár tógála cumais é Forbairt do cheannairí scoile a bhfuil taithí acu. Díríonn sé ar scileanna agus eolas ceannaireachta a theastaíonn le freagairt do thosaíochtaí sainaitheanta a shainaithint agus a fhorbairt. Tá an dinimic den Phríomhoide agus den Leas-Phríomhoide ag obair le chéile mar fhoireann mar bhuntaca leis an ngné ceannaireachta dáilte den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas (DES). Cuireann Pobail Foghlama Gníomhaíochta braisle ar fáil ag tógáil idir scoileanna; gné lárnach den Phlean Gníomhaíochta freisin.
Clár Meán-cheannairí
Is é atá sa chlár Meán-cheannaireachta sraith ceardlann forbartha ceannaireachta don Mheán-cheannaireacht (Príomhoide Cúnta I agus Príomhoide Cúnta II) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Meitheal
Clár forbartha faoi threoir rannpháirtithe is ea Meitheal a fhreagraíonn do riachtanais ghairmiúla aonair príomhoidí a bhfuil taithí acu. Tarraingíonn sé ar na scileanna agus na teicnící a bhaineann le cóitseáil. Oibríonn éascaitheoir oilte go comhoibritheach le grúpaí beaga (4 – 6 rannpháirtí) agus samhail forbartha á húsáid acu chun scileanna ceannaireachta a bhreisiú.
Seimineáir Lae
Oscailte do gach príomhoide, fiosraítear príomh-shaincheisteanna ceannaireachta agus bainistíochta reatha sna seimineáir seo. Cuireadh in oiriúint iad chun freastal ar riachtanais an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas agus riachtanais na ceannaireachta sa chomhthéacs Éireannach a athraíonn de shíor.

 

Úsáideann foireann Ceannaireachta SFGM an Réimse Ceannaireachta agus Bainistíochta in Ag Féachaint ar ár Scoileanna (2016) chun na tacaíochtaí agus taithí is oiriúnaí a bhrath chun tacair scileanna ceannairí scoile a chur ar aghaidh. Ceadaíonn an creat seo do mhachnamh gairmiúil agus beidh sé mar bhuntaca le forbairt ghairmiúil isteach sa todhchaí.

 

 

Is iad na cúig eochairphrionsabal ceannaireachta a d’fhorbair Ceannairí Scoileanna Éireannacha sa bhliain 2005 is bun lenár gcláir ar fad:

 

 

Tacaíocht Phearsanta Bhreise
Tá an-taithí ag foireann ceannaireachta scoile SFGM agus cuireann an fhoireann tacaíocht phearsantaithe ar fáil do phríomhoidí faoi mar a thagann dúshláin ghairmiúla chun cinn ina gcomhthéacs scoile féin nó i réimse na forbartha foirne agus na feidhmíochta. Cuirtear cúnamh ar fáil freisin chun pleanáil forbartha scoile a chur chun cinn, le béim ar leith ar na beartais eagraíochtúla.

 

Tá súil ag foireann Ceannaireachta SFGM go n-éireoidh leat i do chuid oibre agus tá siad ag súil le bualadh le cuid mhór agaibh ar na cláir sa scoilbhliain romhainn.