Ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) (léargas ginearálta)

 

Is iad an curaclam bunscoile don Chorpoideachas agus na treoirlínte do mhúinteoirí maidir le corpoideachas na príomhacmhainní do gach múinteoir chun tacú leo agus clár corpoideachais á chur i bhfeidhm sa bhunscoil

  • Leagtar liosta den trealamh a mholtar le haghaidh corpoideachais amach ar leathanaigh 104 agus 105 de na treoirlínte do mhúinteoirí maidir le corpoideachas

 

  • Leagtar ábhair thacaíochta amach i dTionscnamh Spóirt na mBunscoileanna le haghaidh an chúig shnáithaonad sa churaclam corpoideachais: Lúthchleasaíocht, Damhsa, Cluichí, Gleacaíocht agus Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus Gníomhaíochtaí Eachtraíochta. Dearadh na hábhair le go gcuideoidh siad le múinteoirí an curaclam corpoideachais sna bunscoileanna a chur i bhfeidhm. Trasna ceithre leibhéal ranga: Ranganna na Naíonán, Rang a hAon agus Rang a Dó, Rang a Trí agus Rang a Ceathair agus Rang a Cúig agus Rang a Sé. Tugtar breac-chuntas ar shraith pleananna ceachta le haghaidh gach leibhéil ranga do gach ceann de na snáitheanna thuasluaite. Tá sé mar aidhm acu gnóthú na gcuspóirí curaclaim a éascú agus tá forbairt agus dul chun cinn ó cheacht go ceacht agus trasna na leibhéal ranga san áireamh iontu

Lean an nasc seo leis na hábhair a rochtain.

 

Creatlach den scoth iad na hábhair seo do mhúinteoirí chun na snáitheanna éagsúla den churaclam corpoideachais a úsáid i gcomhair an teagaisc

  1. Cliceáil an táb ‘Governing Bodies’ ar an suíomh idirlín
  2. Cliceáil ‘NGB Sports Investment’ ina dhiaidh sin
  3. Tiocfaidh liosta iomlán na spórt aníos; cliceáil an spórt a bhfuil suim agat ann le haghaidh sonraí breise
  4. Tá liosta suíomhanna Idirlín a thacóidh leat an curaclam corpoideachais a chur i bhfeidhm ar fáil duit lena íoslódáil