Page Content Category:
Fáilte! |
---|
Beartaítear go rachaidh an roinn seo den suíomh gréasáin do Litearthacht Iar-bhunscoile leis na seimineáir do Nascmhúinteoirí Litearthachta. Is é cuspóir na seimineár seo acmhainn i litearthacht a fhorbairt ag leibhéal scoile. Is é príomhfhócas na seimineár do nascmhúinteoirí litearthachta ná cur chun cinn agus forbairt na litearthachta sa scoil uile. Déantar iniúchadh sna seimineáir seo freisin ar raon modhanna a bhfuil sé mar aidhm acu acmhainn i litearthacht a mhéadú sa churaclam ar fad.
Bí inár dteannta ar Twitter @LiteracyLink1
Nascbhraislí Litearthachta |
---|
Tá sonraí thíos ar ár gcruinnithe braisle litearthachta atá ag teacht aníos i ngeimhreadh/samhradh na bliana 2016 . Chun clárú don bhraisle áitiúil, téigh chuig www.pdst.ie/onlinebooking.
Táthar ag súil go dtiocfadh forbairt ar na braislí nascfhoghlama mar phobail chleachtais áitiúla ina mbíonn na múinteoirí ag cabhrú go gníomhach lena chéile chun cur lena n-eolas agus lena gcleachtas gairmiúil, rud a rachaidh chun tairbhe fhoghlaim na scoláirí i ndeireadh na dála. Tá mar aidhm leis an tsamhail seo d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach inniúlacht cheannaireachta na nascmhúinteoirí a fhorbairt agus iad ag obair laistigh de chomhthéacs grúpa gairmithe atá dinimiciúil agus forásach agus atá tiomanta don fheabhas a chur ar fhoghlaim na scoláirí sa litearthacht.
Gné ríthábhachtach de chruinnithe braisle is ea comhroinnt an chleachtais, agus spreagaimid gach duine ag na cruinnithe é sin a dhéanamh chun idirphlé gairmiúil fóinteach a chinntiú.
Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil ar gach braisle, mar sin bí cinnte clárú go luath ar www.pdst.ie/onlinebooking chun áit a chinntiú.
Tá sonraí anseo ar na braislí litearthachta iarbhunscoile a bheidh ar siúl sa samhradh.
Soláthraíonn na braislí iar-bhunscoile sin deis do nascmhúinteoirí litearthachta féachaint ar straitéisí, smaointe a chomhroinnt, agus páirt a ghlacadh san fhorbairt ghairmiúil leanúnach, a bhfuil sé mar aidhm léi feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim na litearthachta ar fud an churaclaim. Cliceáil anseo chun áit a chur in áirithe ar na cúrsaí sin.
Ionad |
Dáta |
Am |
Ionad Oideachais Luimnigh |
11 Bealtaine 2017 |
4:30-6:30 i.n. |
Ionad Oideachais Dhroim Conrach |
17 Bealtaine 2017 |
4:30-6:30 i.n. |
Ionad Oideachais Laoise |
18 Bealtaine 2017 |
4:30-6:30 i.n. |
Ionad Oideachais na Gaillimhe |
23 Bealtaine 2017 |
4:30-6:30 i.n. |
Déan teagmháil leis na hionaid oideachais chun tuilleadh eolais a fháil nó déan teagmháil le Margaret Mary Grant ag Ionad Oideachais Laoise. Ríomhphost: margaretmary@laoisedcentre.ie