Cuireadh tús le bunú na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair 2010. Bunaíodh SFGM mar sheirbhís tacaíochta trasearnála nua, chineálach, chomhtháite do scoileanna. Le linn na bliana acadúla 2012/2013, chuaigh SFGM faoi phróiseas athstruchtúrúcháin chun freagairt do na riachtanais éiritheacha laistigh den chóras oideachais. Seirbhís tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna is ea SFGM. Déanann Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar óstáil ar SFGM.
Sa lá atá inniu ann, cuimsíonn SFGM na tacaí a chuir seirbhísí tacaíochta agus cláir thacaíochta eile ar fáil roimhe seo, lena n-áirítear an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil Bunmhúinteoirí (PPDS), an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL), Seirbhís Forbartha Ceannaireachta (LDS), Corpoideachas an Teastais Shóisearaigh, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, an Idirbhliain, Pleanáil Forbartha Scoile, Teastas Sóisearach - Clár Scoile (TSCS), Breith ar an Léitheoireacht, Breith ar an Matamaitic, an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge (STDL Gaeilge), an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas anois) agus an tseirbhís tacaíochta d’Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS).
Aidhm agus ráiteas misin
Tá sé mar aidhm ag SFGM forbairt ghairmiúil agus tacaíocht ardchaighdeáin a sholáthar a chuireann ar chumas múinteoirí agus scoileanna an t-oideachas is fearr is féidir a chur ar fáil do gach dalta/scoláire.
Is é ár misean ná tacú le múinteoirí mar chleachtóirí machnamhacha trí raon tionscnaimh forbartha gairmiúla a thacaíonn le foghlaim múinteoirí, le comhoibriú agus le cleachtas bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil, agus béim á leagan ar na nithe seo:
- an curaclam, foghlaim agus leas daltaí
- modheolaíochtaí foghlama agus teagaisc
- teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide
- féinmheastóireacht scoile agus feabhsú scoile
Is é an sprioc fhoriomlán do SFGM ná go dtabharfar aitheantas dúinn mar sholáthraí nuálach freagrúil iontaofa forbartha gairmiúla leanúnaí agus tacaíochta do mhúinteoirí agus do scoileanna.
Ár bhfoireann
Cuireann SFGM forbairt ghairmiúil leanúnach agus tacaíocht ar fáil trína foireann múinteoirí, idir mhúinteoirí bunscoile agus mhúinteoirí iar-bhunscoile, atá ar iasacht óna scoileanna chun oibriú le SFGM. Tugann ár bhfoireann um Theicneolaíocht san Oideachas eolas teicniúil oideolaíoch agus scileanna teicniúla oideolaíocha don eagraíocht chun raon leathan tacaí do scoileanna a chur ar fáil – féach ar www.technologyineducation.ie
Is mar seo a leanas atá róil laistigh de SFGM mar eagraíocht:
Stiúrthóir Náisiúnta SFGM
Déanann Ciara O’Donnell, an Stiúrthóir Náisiúnta, treorú, bainistiú agus forbairt ar obair SFGM mar sholáthraí CPD den scoth agus tá freagracht fhoriomlán uirthi as pleananna straitéiseacha agus oibriúcháin SFGM a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme chun a chinntiú go soláthraítear tacaíocht náisiúnta atá comhsheasmhach agus comhtháite.
Leas-Stiúrthóir (Beartas, Taighde agus Forbairt)
Déanann Mia Treacy, an Leas-Stiúrthóir (Beartas, Taighde agus Forbairt), bainistiú ar chlárphleanáil, ar dhearadh agus ar fhorbairt CPD agus tá sí freagrach as forbairt agus pleanáil beartais agus as forbairt cleachtais SFGM, taighde, measúnú, tionchar agus caighdeáin na seirbhíse.
Leas-Stiúrthóir (Pleanáil agus Bainistíocht Oibriúcháin)
Déanann Annette Cregan, an Leas-Stiúrthóir (Pleanáil agus Bainistíocht Oibriúcháin), bainistiú ar an tseirbhís, ar na foirne agus ar na baill foirne chun cur chun feidhme éifeachtach phleananna SFGM a chinntiú, comhoibríonn sí le seirbhísí tacaíochta eile CPD agus oibríonn sí le cinn foirne chun ábhar agus caighdeáin a fhorbairt agus treoraíonn sí iad chun déanamh amhlaidh.
Leas-Stiúrthóir (Gnóthaí Eagraíochta)
Déanann Rachel Farrell, an Leas-Stiúrthóir (Gnóthaí Eagraíochta), bainistiú ar bhuiséad, ar rialú airgeadais, ar rialachas agus ar fhorbairt eagraíochta SFGM agus tá sí freagrach as seirbhísí acmhainní daonna, lena n-áirítear earcaíocht agus oiliúint, agus as prótacail chumarsáide a fhorbairt.
Leas-Stiúrthóir (ICT)
Déanann Seán Gallagher, an Leas-Stiúrthóir (ICT), bainistiú ar oibríochtaí SFGM - Teicneolaíocht san Oideachas, ar thacaíocht bunaithe ar an ngréasán agus ar dháileadh an ábhair dhigitigh a bhaineann leis an gcuraclam agus tá sé freagrach as tacú le comhtháthú theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (ICT) i bhfoghlaim agus i dteagasc.
Cinn foirne
Tacaíonn cinn foirne leis an lucht ardbhainistíochta chun obair SFGM a chomhordú. Bainistíonn siad foireann comhairleoirí, comhlach agus éascaitheoirí áitiúla, rud a chuimsíonn dearadh, pleanáil, sceidealú, monatóireacht, athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar chláir forbartha gairmiúla laistigh dá sainchúram. Tá freagracht ar Chinn Foirne as réimse tosaíochta náisiúnta. Is iad seo ár gcinn foirne agus a réimsí freagrachta:
Anthony Kilcoyne : Ceannaireacht agus Feabhsú scoile
Annette Cregan : Uimhearthacht Bhunscoile agus Iar-bhunscoile
Catherine Treacy : Litearthacht Bhunscoile, Breith ar an Léitheoireacht san áireamh
Máire Nic an Rí : Gaeilge Bhunscoile agus Iar-bhunscoile
Caroline McHale : Ábhair Iar-bhunscoile, an Idirbhliain agus GCAT
Margaret MacMahon : Litearthacht Iar-bhunscoile, TSCS, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Brian Murray : Sláinte agus Folláine
Comhairleoirí SFGM
Cuireann comhairleoirí le pleanáil, dearadh, sceidealú, éascú, monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chláir forbartha gairmiúla, tugann siad cuairt ar scoileanna nó ar bhraislí scoileanna chun teagmháil a dhéanamh le príomhoidí, le foirne bainistíochta inscoile, le grúpaí beaga foirne nó le grúpaí foirne uile chun tacú le CPD comhoibríoch scoilbhunaithe, ullmhaíonn siad ábhair acmhainní agus comhoibríonn siad le baill foirne, le comhlaigh agus le héascaitheoirí áitiúla nuair is gá chun comhtháthú agus comhsheasmhacht i soláthar seirbhíse a chinntiú.
| Ainm | Seoladh ríomhphoist | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
|
|
Cuireann SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas raon seirbhísí tacaíochta agus comhairle a bhaineann le ICT ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear Scoilnet (Mapaí Scoilnet agus eagrán scoile Britannica san áireamh), Leathanbhanda do scoileanna, Cúrsaí ICT ar líne agus duine le duine, Sábháilteacht Idirlín.....
| Ainm | Ról |
|---|---|
| Karin Whooley | Comhordaitheoir Náisiúnta – Scoilnet |
| Anne Phelan | Comhordaitheoir Náisiúnta – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach Seachadadh |
| Madelaine Murray | Comhordaitheoir Náisiúnta – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach Dearadh |
| Tom Lonergan | Comhordaitheoir Náisiúnta – Comhtháthú Teicneolaíochta |
| Helen McKeon | Bainisteoir Tacaíochta Leathanbhanda |
| Denise Brennan | Riarthóir Sinsearach |
| Seán Dower | Riarthóir Córas |
| Patrick Coffey | Oifigeach Tionscadail – Scoilnet |
| Sharon McDonald | Oifigeach Tionscadail – Scoilnet |
| Simon Grehan | Oifigeach Tionscadail – Sábháilteacht Idirlín |
| Emily Lynch | Oifigeach Oideachais Webwise |
| Sonja Cleary | Oifigeach Airgeadais |
| Michelle Herron | Rúnaí / Fáilteoir an Lárionaid |
The service is managed by Dublin West Education Centre