|
FÁILTE! |
|---|
Fáilte chuig leathanach ábhair na Sraithe Sóisearaigh – An Léann Giúdach.
Ábhar nua é an Leann Giúdach sa tsraith shóisearach. Sa réasúnaíocht don siollabas, baineann an t-ábhar le réimse an oideachais sóisialta, polaitiúil agus comhshaoil. Cuireann an Léann Giúdach le tuiscint daltaí ar na fórsaí sóisialta, cultúrtha agus reiligiúnacha a chuir cruth ar an domhan ina gcónaímid.
Is é atá i gceist le siollabas an Léinn Giúdaigh tuiscint agus meas ar chreideamh, daoine agus cultúir éagsúla agus ar fhulaingt agus meas ar luachanna agus creideamh gach duine a chur chun cinn. I gcomhthéacs cultúr atá ag éirí níos ilghnéithí, tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint ag daoine óga ar éagsúlacht traidisiúin chultúrtha agus reiligiúnacha a fheictear ní hamháin in Éirinn ach san Eoraip agus sa domhan mór.
Cuireann an Léann Giúdach le forbairt scileanna a úsáidtear i réimse ábhar, cosúil le himscrúdú stairiúil agus litearthachta, oibriú le fianaise, próiseáil faisnéise, argóinteacht, smaointeoireacht chriticiúil agus anailís. Tá naisc traschuraclaim sa Léann Giúdach lena n-áirítear Saoránaíocht, Oideachas Sóisialta agus Polaitiúil, Oideachas Reiligiúnach agus Stair. Tabharfaidh tú faoi deara i gCuid an Mhúinteora den suíomh Idirlín, go leagtar amach naisc le codanna de shiollabais eile.
Táimid imníoch go mbeadh a mhéid rannpháirtíochta agus is féidir i bhforbairt acmhainní agus i gcruthú comhshaol foghlama fíorúil beoga do gach duine a fhaigheann rochtain air. Is sa chomhthéacs seo a dtugaimid cuireadh daoibh aon acmhainní, grianghraif, samplaí de shaothar, ceisteanna, naisc úsáideacha, nó aon ní a chuideodh le teagasc agus foghlaim a chur isteach. Fáiltímid roimh, go háirithe, oideachasóirí, daltaí, baill den phobal Giúdach, aon duine ar mhaith leo bheith páirteach sa chomhshaol foghlama fíorúil ceangailte le traidisiún beoga, saibhir agus stairiúil.
| AN NUACHT IS DÉANAÍ |
|---|
| DÁTA: 11-03-14 |
Tá Acmhainní um an Léann Giúdach ar fáil anois le híoslódáil i gcuid na nAcmhainní Curaclaim nó is féidir rochtain a fháil orthu trí chliceáil anseo.
| CLÁRÚ |
|---|
Cláraigh do chuid sonraí ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.
| FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH (CPD) |
|---|
Féach ar an bhféilire imeachtaí i gcomhair tuilleadh sonraí.
| I gCOMHAIR TACAÍOCHT SCOIL-BHUNAITHE |
|---|
Chun tacaíocht scoil-bhunaithe a fháil i gcomhair an Léann Giúdach sa tSraith Shóisearach: Lean an nasc seo chuig ár bhfoirm iarratais ar líne ar thacaíocht scoil-bhunaithe.
| TEAGMHÁLAITHE |
|---|
Louise O’Sullivan IBVM
Comhordaitheoir Náisiúnta don Léann Giúdach
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Seanbhóthar Bhaile Coimín
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Ríomhphost: louisejewishstudies@gmail.com
Doireann Quinn
Cúntóir Riaracháin
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Seanbhóthar Bhaile Coimín
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Ríomhphost: dquinn@dwec.ie
The service is managed by Dublin West Education Centre